Fúm

Ag tabhairt cuairte ar An Scoil, Contae Chorcaí

Is mise Jim McGovern agus is é seo mo shuíomh gréasáin pearsanta atá bainteach leis an spéis atá agam sa Ghaeilge. Ní cainteoir dúchais mé. D’fhoghlaim mé an Ghaeilge ar scoil, i gContae Bhaile Átha Cliath, blianta fada ó shin. Agus staidéar á dhéanamh agam don Ardteistiméireacht, spreagadh mo shuim sa Ghaeilge, ach bhí m’aird dírithe ar an teicneolaíocht go príomha. Ní raibh a lán deiseanna agam an Ghaeilge a úsáid le linn mo shaoil oibre. Anois, ar scor ón bhfostaíocht, tá feabhas á chur agam ar mo chuid Gaeilge. Táim lonnaithe i gContae Chill Dara.

Scroll to Top